We’ve updated our Terms of Use to reflect our new entity name and address. You can review the changes here.
We’ve updated our Terms of Use. You can review the changes here.

Song: Bruach Na Carraige B​á​ine

from Hall​-​Gate House by Hannah Flowers

/
  • Streaming + Download

    Includes unlimited streaming via the free Bandcamp app, plus high-quality download in MP3, FLAC and more.
    Purchasable with gift card

      $1 USD  or more

     

lyrics

Is thiar cois abhann gan bhréag gan dabht,
Tá an ainnir chiúin tais mhánla,
Is gur gile ar a com í ná an eala ar an dtonn,
Ó bhaitheas go bonn a bróige.
Is í an stáidbhean í a chráigh mo chroí,
Is d’fhág sí m’intinn brónach,
Is leigheas le fáil níl agam go brách,
Ó dhiúltaigh mo ghrá geal domsa.

Ó b’fhearr liom féin ná Éire mhór,
Ná saibhreas Rí na Spáinne,
Go mbeinnse ’gus tusa i lúb na finne,
I gcoillte i bhfad ónár gcairde.
Ó mise ’gus tusa bheith pósta, a ghrá,
Le haontoil athar is máthar,
A mhaighdean óg is milse póg,
Is tú grian na Carraige Báine.

Is a stuaire an chinn cailce, más dual dom go mbeir agam,
Beidh cóir ort a thaitneodh led’ chairde,
Idir shíoda ’gus hata ó bhonn go baitheas,
Is gach ní insa chathair dá áilleacht.
Beidh do bhólacht á gcasadh gach neoin chun baile,
Is ceol binn ag beacha ar do bhánta,
Beidh ór ar do ghlacaibh is cóiste id’ tharraingt,
Go bruach na Carraige Báine.

credits

from Hall​-​Gate House, released September 16, 2022

license

all rights reserved

tags

about

Hannah Flowers Saint Paul, Minnesota

Traditional Irish harpist and singer based in St. Paul, Minnesota.

contact / help

Contact Hannah Flowers

Streaming and
Download help

Report this track or account

If you like Hannah Flowers, you may also like: